Pasar al contenido principal

Ollchúrsa Oscailte Ar Líne: Conas ceachtanna a chruthú le Clilstore. Cúrsa oiliúna de chuid an tionscadal CLIL Open Online Learning

Fad an Chúrsa

Éigeantach: 4 Seachtaine (Modúil 1-7, lena n-áirítear Measúnú agus Deimhniú)

Roghnach: 2 Sheachtain (Modúil 8-10)

Eolas i dtaobh an chúrsa seo

Is bunchúrsa é seo i bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) agus cuireann sé oiliúint ar fáil fosta sa tslí le hábhair dhigiteacha a chruthú chun tacú le foghlaimeoirí agus ceachtanna a phleanáil ag úsáid modheolaíochtaí FCÁT. Is modúil lárnacha foghlama iad Modúil 1-6 a chuimsíonn teoiric FCÁT, pleanáil ceachta agus oiliúint theicniúil faoin tslí leis an Acmhainn Oideachais Oscailte - Clilstore.eu, a úsáid. Is áis í seo a fhreastalaíonn ar fhoghlaimeoirí agus ar mhúinteoirí araon. Is modúl measúnaithe é Modúil 7. Is féidir Teastas a ghnóthú as an mhodúl seo a chur i gcrích go rathúil. Tabharfaidh Modúil 8-9 léargas do rannpháirtithe an chúrsa ar shraith tionscadal Eorpach a chuidigh le scaipeadh agus le glacadh mhodheolaíocht FCÁT san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tá treoir ann fosta faoin tslí ar féidir leo a bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais a bhfuil Clilstore.eu lárnach ann. Ar deireadh, cuireann Modúil 10 cás-staidéir agus díospóireachtaí acadúla ar FCÁT i láthair chun cuidiú le rannpháirtithe teoiric agus cur i bhfeidhm na modheolaíochta a iniúchadh tuilleadh agus chun cur lena gcuid eolais sa réimse seo. D’fhéadfadh sé seo bheith ina chuidiú ag rannpháirtithe atá ag féachaint le FCÁT a chur i bhfeidhm iad féin ag leibhéal an churaclaim nó ag leibhéal institiúideach. Cuideoidh an modúl seo chomh maith leo siúd atá ag iarraidh tionscadal taighde a dhearadh chun éifeachtúlacht FCÁT a mheas.

Is í foireann an tionscadal CLIL Open Online Learning project (www.languages.dk/cool) a chruthaigh an cúrsa seo.

Réamhriachtanais

Moltar inniúlacht léitheoireachta sa Ghaeilge ag leibhéal B1/B2.

Foireann an Chúrsa

Course Staff Image #1

Ana Gimeno

Speisialtóir i bhFoghlaim Ríomhchuidithe Teanga agus Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga. Ollamh le Béarla, Roinn na Teangeolaíochta Feidhmí, Universitat Politècnica de València, Valencia, An Spáinn.

Course Staff Image #2

Sandra Attard-Montalto

Taithí na mblianta aici ag reáchtáil cúrsaí traenála inseirbhíse do mhúinteorí. Stiúrthóir Traenála, Executive Training Institute (ETI Malta), St Julians, Malta.

Course Staff Image #3

Caoimhín Ó Dónaill

Speisialtóir i ndearadh ábhar foghlama ilmheáin agus curaclam le haghaidh teagasc teangacha in earnálacha oideachais éagsúla. Comhalta Sinsearach de chuid an HEA agus Léachtóir Sinsearach, Scoil na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, Ollscoil Uladh, Tuaisceart Éireann.

Ceisteanna Coitianta

An gcaithfidh mé téacsleabhar a cheannach?

Ní chaithfidh, tá na hábhair ar fad a bheidh de dhíth ort ar fáil ar líne.

An mbeidh orm rud ar bith a chruthú faoi dheireadh an chúrsa?

YBeidh, iarrfar ort aonad teagaisc a chruthú le Clilstore.

  1. Código del curso

    clilstore-ie
  2. Inicio de las clases

  3. Fin de las clases

  4. Esfuerzo estimado

    3 uair an chloig sa tseachtain
Inscribirse

La Universitat Politècnica de València utiliza cookies propias y de terceros por motivos de seguridad, y también para mejorar la experiencia del usuario y conocer sus hábitos de navegación. Recuerda que, al utilizar nuestros servicios, admites nuestro aviso legal y nuestra política de cookies. Entendemos que, si continuas navegando, es porque apruebas estos términos.